Ag imeacht na Lagáin ar fhostach nuair a bhí sé 14 bliana déag, chuaigh sé chuig an Raibeal i Leitir Ceanainn ar dtús, fuair sé £6 ar feadh 6 mí agus ansin chuaigh sé go Killygordon ag fear darbh ainm John White, bhíodh sé ag obair ó dhubh go dubh. Bhí eallach le bligh (15 cinn). Bhí girseach ansin fosta ag bligh. I ndiaidh 3 mhí, chuaigh sé chuig an Raibeal arís agus ansin chuaigh sé go Convoy. Rinne sé téarma ansin fosta.
Fad: 00:04:48 Éist
Ansin d’imigh sé go Albain ag 16 bliana d’aois ar bhád Dhoire. Anonn leis féin a chuaigh sé go Haddington. Bhí uncail do thíos in Berwickshire ag feirmeoir agus fuair sé obair leisean ar £3 sa tseachtain. Bhí rations thall san am sin agus bhí leabhair rations acu. Bhí siad ag stopadh i mbotaí, leabaí cocháin a bhí iontu ach níor chur seo isteach ar John. Bhí léir daoine eile ón baile thall fosta agus bhí sé cairdiúil le cúpla fear acu seo. Ag baint phreátaí agus ag obair le cochán a bhíodh sé, bhí sé breá cleactaithe leis an obair sin. Cur síos ar an obair phreátaí a bhí le déanamh. Bhí obair chrua ar bheagán airgid.
Fad: 00:08:19 Éist
D’imigh an teaghlach ansin nuair a d’fhás siad suas, chas John lena dheartháir Charlie nuair a chuaigh seisean anonn bliain i ndiaidh John agus fuair sé obair do. Bhí siad sa bhaile sa gheimhreadh agus bhíodh ceol agus damhsa gach deireadh seachtaine acu sa scoil a bhí ar an oileán. Bhí craic mhaith acu ansin.
Fad: 00:01:39 Éist
Chaith sé cúpla bliain in Albain, i ndiaidh an fheirmeoireachta, thosaigh sé ar Oibreacha Poiblí le Wimpey, pit Loughrey, i ndiaidh an chogaidh. Scéim Hydro a bhí ansin, i dtolláin. Bhí airgead maith ansin.
Fad: 00:01:48 Éist
Chuaigh sé go Sasana le Mc Alpine ansin ag obair. Bhí an obair sin leadránach agus bhog sé go Birmingham. Bhí sé ag obair ag JJ Gallagher ag cur isteach píopaí uisce. Cur síos ar an am agus an obair. Bhog siad go Swansea ansin, ag cur uisce isteach in óstán. Bhí siad ag stopadh i lóistín. Obair phiocóide is mó a bhí ann agus ní raibh siad ábalta tabhairt ar an jab díol. D’fhág John an jab sin agus chuaigh sé go Birmingham, fuair sé obair ansin, é féin agus cara a bhí leis. Chaith sé dhá bhliain ansin.
Fad: 00:12:32 Éist
D’imigh sé go dtí an Bhreatain Bheag ansin go Cardiff, chuir sé a dheartháir féin, Joe, ina áit sa jab a d’fhág sé. Scéal faoin eachtra a bhí ag féin agus a chairde i dteach leanna. Cur síos ar an obair a bhí a dhéanamh ansin aige.
Chaith sé tamall ansin agus d’imigh sé le Mc Alpine ag déanamh motorway in Newport.
Fad: 00:06:53 Éist
D’imigh sé na hAstráile ansin, bhí cairde as Gaoth Dobhair thall aige. Shocair a chara agus é féin é seo a dhéanamh nuair a bhí siad thall in Londain, bhí a bhean agus páiste leis. Go Perth a chuaigh sé. I ndiaidh cúpla lá thall chuaigh sé ag cuardach oibre i dteach leanna. Fuair sé obair thógála ach ní raibh sé iontach sásta leis an airgead a bhí sé ag fáil. Bhí teas iontach ann fosta le cois mosquitos. D’fhan sé leis an fhear chéanna 2 bhliain gur éirigh an obair gann. Chuaigh sé go Darwin ansin agus d’fhág sé a bhean agus an páiste in Perth. Bhí dhá fear eile leis fosta. Bhí sin ar an taobh eile den tír ar fad. Cur síos ar mar a fuair sé obair ansin agus an jab a bhí aige. Bhí léir oibre in Darwin an t-am sin.
Fad: 00:22:18 Éist
Bhog siad arís ina dhiaidh sin, bhí timpiste ag John a chur deireadh lena chuid oibre, thit sé síos 3 stór den scafall agus bhris sé a dhroim, a chos agus a sciathán. Chaith sé am fada ag déileáil le ospidéil ina dhiaidh, amach agus isteach ar feadh 4 bliana. Bhí a bhean ag obair ina dhiaidh sin agus bhí seisean ag amharc i ndiaidh na bpáistí. Ní raibh a bhean socair san Astráil agus bhí sí ag iarraidh a theacht na bhaile. Tháinig siad na bhaile go Cardiff ansin, b’as sin í. 2 bhliain ina dhiaidh sin, dhíol siad an teach in Cardiff agus bhog siad go hÉirinn go Machaire Rabhartaigh.
Fad: 00:05:24 Éist